Forógra Phrág
Ghluaiseacht na Teanga Idirnáisiúnta Esperanto.
Táimidne, gluaiseacht dhomhanda Esperanto, ag díriú
an fhorógra seo ar gach rialtas, ar gach eagraíocht idirnáisiúnta,
agus ar dhaoine dea-thola, dearbhaímid ar n-intinn dhaingean leanúint
ag obair ar son na n-aidhmeanna thíosluaite, agus tugaimid cuireadh
do gach eagraíocht agus do gach duine bheith linn inár n-iarrachtaí.
Sa bhliain 1887 a láinseáladh
Esperanto mar theanga chúnta don chumarsá id idirnáisiúnta.
Tar éis di forbairt go mear ina teanga bheo shaibhir bheacht, tá
Esperanto le breis is céad bliain ag feidhmiú chun daoine ó
theangacha is ó chultúir éagsúla a thabhairt le
chéile. Idir an dá linn nior chaill aidhmeanna lucht a labhartha
a dtábhacht na a n-ábharthacht. Tá cúpla teanga
náisiúnta in úsáid ar fud an domhain, tá
dul chun cinn déanta i dteicnící cumarsáide, tá
modhanna nua múinte teangacha tagtha ar an saol. Ach ní dócha
go mbainfeadh aon cheann acusan na prionsabail seo a leanas amach, prionsabail
atá riachtanach, dar linn, d'ord teanga cóir éifeachtach.
1. Daonlathas
Córas frithdhaonlathach go bunúsach is ea aon chóras
cumarsáide a thugann pribhléidí saoil do dhaoine áirithe,
ach a éilíonn na blianta crua-oibre ar dhaoine eile chun leibhéal
níos ísle cumais a shroicheadh. Cé nach teanga fhoirfe
Esperanto ná aon teanga eile, is fearr i bhfad í don chumarsáid
ar bhonn cothrom ar scála domhanda ná aon iomathóir.
Dearbhaímid
go leanann éagothroime chumarsáide ar gach leibhéal,
ina measc ar an leibhéal idirnáisiúnta, an éagothroime
teanga. Is gluaiseacht don chumarsáid
dhaonlathach sinn.
2. Oideachas Domhanda
Tá gach teanga eitneach ceangailte le cultú(i)r is le náisiú(i)n
ar leith. Mar shampla, foghlaimíonn foghlaimeoir an Bhéarla faoi
chultúr, faoi thíreolaiocht is faoi pholaitíocht thíortha
an Bhéarla, go háirithe na Stáit Aontaithe agus Sasana.
Foghlaimíonn foghlaimeoir Esperanto faoi dhomhan gan teorainn, agus mothaíonn
sé / sí sa bhaile i ngach tír.
Dearbhaímid
go bhfuil oideachas trí aon teanga náisiúnta ceangailte
le dearcadh áirithe ar an domhan. Is gluaiseacht
don oideachas domhanda sinn.
3. Oideachas Éifeachtach
Céatadán beag díobhsiúd a dhéanann staidéar
ar theanga iasachta a bhaineann máistreacht amach inti. Is féidir
máistreacht a fháil ar Esperanto fiú gan mhúinteoir.
Thaispeáin staidéir éagsúla fiúntas Esperanto
mar ullmhú d'fhoghlaim na dteangacha eile. Moladh Esperanto, leis, mar
dhlúthchuid de chúrsaí eolais faoi theangacha eile.
Dearbhaímid
gur síor-bhac í deacracht na dteangacha eitneacha do mhóran
foghlaimeoiri, a bhainfeadh tairbhe mar sin féin as dara teanga a fhoghlaim.Is
gluaiseacht do mhúineadh éifeachtach na dteangacha sinn.
4. Ilteangachas
Tá pobal Esperanto ar an mbeagán pobal urlabhra ar scála
domhanda gur dátheangaigh nó trítheangaigh a chuid cainteoirí
uile. D'fhoghlaim gach ball den phobal teanga iasachta amháin ar a laghad
go leibhéal na cumarsáide. Is minic a thugann sé sin eolas
ar a lán teangacha, agus grá dóibh, agus leathnú
ar réimse spéiseanna go ginearálta.
Dearbhaímid
gur cheart go mbeadh deis ag cainteoirí gach teanga, forleathan nó
neamhfhorleathan, an dara teanga a fhoghlaim go leibhéal ard cumarsáide.
Is gluaiseacht chun an deis sin a chur ar fáil
sinn.
5.Cearta Teanga
Do chuid mhaith de phobal an domhain, cúis éideimhne nó
lom-chos ar bolg teanga is ea roinnt mhíchothrom na cumhachta idir na
teangacha. I bpobal Esperanto, buaileann cainteoirí na dteangacha uile,
forleathan nó neamhfhorleathan, oifigiúil nó neamhoifigiúil,
lena chéile ar bhonn cothrom, trí chomhthoil an chomhghéillte.
Caighdeán chun réitigh eile ar mhíchothromaíochtai
is ar choimhlintí teanga a mheas is a fhorbairt a thugann a leithéid
de chothromaíocht idir cearta agus freagrachtaí teanga.
Dearbhaímid
gurb iad mórdhifríochtaí cumhachta idir na teangacha a
bhaineann an bonn den iliomad ionstraimí idirnáisiúnta
a ráthaíonn go bpléifear go cothrom le daoine, gan idirdhealú
teanga. Is gluaiseacht do chearta teanga sinn.
6. Éagsúlacht Theanga
Bionn claonadh ag rialtais náisiúnta móréagsúlacht
na dteangacha ar fud an domhain a mheas mar bhac ar an gcumarsáid is
ar an bhforbairt. Ni hionann is pobal Esperanto, a mheasann an éagsúlacht
theanga marfhoinse bhuan riachtanach saibhris. Dá bhrí sin, tá
gach teanga fiúntach inti féin, mar atá gach rud beo, agus
is fiú í a chosaint agus tacú léi.
Dearbhaímid
gurb ionann is breith bháis d'fhormhór theangacha an domhain aon
bheartais chumarsáide is fonbartha nár bunaíodh ar mheas
ar gach teanga, agus ar thacaíocht di. Is
gluaiseacht don éagsúlacht theanga sinn.
7. Fuascailt an Duine
Saorann agus daorann gach teanga lucht a labhartha, ag cur cumarsáide
lena chéile ar a gcumas, agus ag cur bac ar chumarsáid le daoine
eile. Pleanáilte mar mheán cumasáide uilioch, tá
Esperanto mar cheann de na tionscnaimh mhora a fheidhmíonn d'fhuascailt
an duine. Is tionscnamh í a chuireann ar chumas gach duine páirt
a ghlacadh sa phobal daonna, le fréamhacha daingne ina f(h)éiniúlacht
áitiúil chultúir is teanga, ach gan a bheith teoranta di.
Dearbhaímid
gurb í úsaid eisiach na dteagacha náisiúnta a chuireann
bac le saoirsí cumarsáide, friotail agus caidrimh. Is
gluaiseacht d'fhuascailt an duine sinn.
Tuilleadh Eolais: Esperanto-Asocio de Irlando,
9 Coill Theach Mealóg, Baile Á Cliath 6; esper@indigo.ie,
sean.oriain@iveagh.irlgov.ie
nó www.esperanto.net.
Enretigis Franko Luin, Don Harlow, Andrej Grigorjevskij,
1996-2003